Skip links

Siúlóid sa Mharglann | Walk in the Mart

Dé Sathairn, 11:00rn | Saturday, 11:00am

Buail ag An Droichead Beag ag 11.00rn agus siúil 2 nóiméad go dtí an Marglann.

Ar mhaith leat spléachadh a fháil ar fhíor- mharglann bheo, nó fiú bó a cheannach agus na madraí caorach is fearr a fheiscint i mbun a ngnó? Más duine cathrach tú, nó díreach nach rabhais riabh ag an marglann cheana, seo do dheis. Tabharfaidh Derry Murphy, Cathaoirleach Sheó Talmhaíochta Chorca Dhuibhne, sibh ar shiúlóid ghairid tríd an marglann, ag insint a stair díbh, ag taispeáint beithígh díbh á ndíol is á gceannach agus – cár bhfios? – ag cabhrú leat do bhó féin a cheannach. Bain sult as féachaint ar fear caorach ag léiriú a chuid scileanna agus é i mbun taispeántas de thrialacha madra caoraigh. Cuir áit in áirithe nó díreach bí ann ar an lá. Fáilte roimg chách!

Ba mhaith le coiste na féile buíochas a ghabháil le Coiste na Marglainne as tacú leis an imeacht seo.

Dé Sathairn, 11:00rn | Saturday, 11:00am

Meet at An Droichead Beag at 11.00am and take a 2 minute walk to the mart.

Do you want to experience a real live mart or even buy a cow and see the finest sheep dogs in action? If you’re a city slicker or have just never been to a mart before, now is your chance. Derry Murphy, Chair of the West Kerry Agricultural Show, will take you on a brief walk through the mart, informing you of its history, show you cattle being bought and sold and who knows, maybe even helping you to buy your very own cow. Enjoy watching a shepherd display his skills at a sheep dog trial exhibition.The festival committee would like to thank the Mart Committee for supporting this event.

Book a free place on this event or just turn up on the day. The more the merrier.